Fáilte Go Galfchumann
Ghaoth Dobhair

Tá an cúrsa suite i gcroílár Ghaoth Dobhair agus cuirfidh na radharcanna galánta ón chúrsa faoi dhraoicht thú.

Ar thaobh amháin, tá cósta creagach an Atlantaigh Fhiáin agus na hoileáin aoibhne. Ar an taobh eile, tá an Earagail ard ‘ina stua os cionn caor agus call’. Tá an cúrsa mar chuid den tírdhreach nádúrtha agus tá cuid de na tránna is deise agus is glaine sa tír in aice láimhe.

Seoid i lár Ghaeltacht Dhún na nGall atá i nGalfchumann Ghaoth Dobhair.

. Rinneadh athdhearadh samhlaíoch ar an chúrsa i 2014 le cuidiú fial ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tá an cúrsa dumhcha seo anois ar cheann de na cúrsaí gailf is nádúrtha agus is deise sa chontae.

déanta Le Tacaíocht Ó

Machaire Na Gathlan
Gaoth Dobhair
Co Dhún na nGall

Bunaithe 1923