Caith do shúil ar Oileán na Marbh agus siúil leat ó Thaobh a’ Droma go Tóin a’ Bhaile amach go Bun a’ Ghaoith agus ar aghaidh go dtí an Bhinn Bhuí fríd Chladach an Dulamáin agus arais go Lag a’ Teampaill.
Sin Thíos Chois na Trá – an áit a chaith ár muintir sna glúnta romhainn, laethanta fada agus samhraidh phléisiúrtha ag buachailleacht agus ag curaíocht. Sin suíomh Gailf Chúrsa Ghaoth Dobhair leis an fharraige agus na hoileáin ar thaobh amháin do agus an Earagail ag amharc anuas air.
Bhí galf a imirt i Machaire Gathlán ó 1923 ach níor bunaíodh an club go dtí 1927 agus choinnigh ag dul go 1939. Ba iad Micí ‘n Cope Ó Gallchóir, Tomás John Mac Giolla Bhríde, Hughie Thomais Bhiddy Mac Giolla Bhríde, Jim Boyd, Paddy & Kitty Sheáin a’ Dualtaigh, Annie Donie Thuathail, Francie Molloy, Maggie Néill Uí Fhearraigh, Kitty Blake agus Bella ’n Dualtaigh a tháinig le chéile le tús a chur leis. Ba é Charlie McMonagle an chéad Rúnaí.
D’fhoscail Canon Kerr, Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an cúrsa 9 bpoll i 1927 a bhí leagtha amach ag Mr. McCready as Óstán Milford agus James Breslin. B’é Jack Phaddy Fheidhlimí Ó Curráin an chéad ‘Greenkeeper.’ Chosain an clubtheach úr, a tógadh ag balla na Reilige, £27!
Is cosúil nach raibh an Cumann ag feidhmnú ó 1939, d’ainneoin an dícheall a rinne Fr. Pat Deeney. hAthbhunaíodh an Cumann i 1960 agus rinne sé dul chun cinn iontach ó shin. Tomás John Mac Giolla Bhríde, Fr. Bonar, Johnny Sheáin Ó Gallchóir, Micí ‘n Cope, Dr. Carr, Garda Paddy Boyce, Kevin Gillespie, Jack Ferry, Joe Hudí Mhóir Ferry, Pat Arnold, Colm Mac Giolla Bhríde agus Nábla Coyle a bhí freagrach don athbheochan agus Johnny Sheáin mar Rúnaí.
Tháinig fás agus forbairt ar áiseanna an chlub le himeacht na mblianta. Tógadh clubtheach nua-aimseartha i 1976 in áit an fhoirgnimh réamhdhéanta a bhí ann ó 1970 agus rinneadh athchóiriú air arís i 1989.
Cuireadh tús le ceannacht stráicí talaimh i 1970 nuair a ceannaíodh an talamh ar a bhfuil an Clubtheach agus an chéad bhánóg ó Johnny Conaghan, An Coitín. Ceannaíodh tuilleadh talaimh agus scaireanna go rialta ina dhiaidh sin agus sa deireadh i 2014 bhí cúrsa 9 bpoll ag an chumann ar a gcuid talaimh fhéin.
Inniu, idir talamh an chlub agus a gcuid scaireanna sa talamh coiteann, tá cúrsa 14 pholl faoi leith i Machaire Gathlán. Tá an club dóchasach go n-éireoidh leo an sprioc atá acu a bhaint amach – cúrsa 18 bpoll – a bheas ina áis iontach do pharóiste Ghaoth Dobhair.
Bunaíodh Cumann Gailf na mBan i 1977. Ba iad na Ceannródaithe an uair sin : Kath Hussey, Sarah Gallagher, Nuala McCole, Sandra McGinley, Moya O’Donnell, Carmel McWeeney, Paula McCaughan, agus Kathleen Rodgers.
Thosaigh an club ag glacadh páirt i gcomórtaisí Idir Chlubanna i 1968 nuair a bhí cluiche acu i Ráth Mhaoláin. I 1981 shroich an Club Cluiche Ceannais Condae don chéad uair. Chaill said inéadán Bundoráin. Tá cluichí sa bhaile agus ar shiúl as baile imeartha ag an chlub ar fud Chúige Uladh ó shin. D’éirigh go maith leo sna comórtaisí éagsúla – bhain siad Sraith na Mionúr i 1984, Sraith Dhún na nGall i 1998, 2005 agus 2007, Corn an Junior Scratch i 2011 agus 2014 agus Corn na Gaeltachta i 1994, ’99, 2000, ’05, ’06, ‘07 agus ‘08.
Cuireadh tús le Galfóige sa chlub i 1986. D’éirigh leis na galfairí óga 5 dhuais a bhaint amach i gCraobh Dhún na nGall i 1992. Bhain Frankie Mac Fhionnlaoich an Chraobh faoi 14 agus Ciaran Mc Monagle an Chraobh faoi 16. Is é Seán Ó Cléirigh is mó a bhfuil moladh tuillte aige as na galfairí óga seo a spreagadh.
Bhí oiliúint agus traenáil na ndaoine óga mar chuid iontach thábhachtach de fhorbairt an chlub ‘sna blianta sin agus tá go fóill. D’éirigh leis an bhaicle óg díograiseach seo Craobh na Contae a thabhairt leo i 2012. Tá cuid mhór acu ina mbaill sa chlub go fóill agus tá imreoirí óga cumasacha ag teacht chun tosaigh bliain indiaidh bliana.
I 2020 shroich grúpa don baicle óg sin, anois ‘na fhir óga, a d’fhoglaim a gcuid galf sna Campaí Samhraidh agus i gClubóige i Machaire Gathlán, an leibhéal is airde do ghailf i nDún na nGall. D’éirigh leo an Cluiche Ceannais sa Senior Scratch a bhaint amach. Faraor, chaill said inéadán Leitir Ceanainn igcluiche teannta sa Phort Nua. Cathal Óg agus Hugh Ó Gallchóir, Michael O’ Dwyer, Cian Ó Fearraigh, Pádraig Ó Dochartaigh agus Sean Sweeney a bhí ar an fhoireann sin.
Ba Pól ‘Monty’ Ó Maolagáin a fuair an scór ab fhearr ar an tsean chúrsa – 65 ar an 19- 8- 2007. Ba é Cathal Óg Ó Gallchóir a fuair an scór ab fhearr ar an chúrsa úr go foil.
Is cinnte go bhfuil tuilleadh forbartha i ndán don chúrsa gailf álainn seo atá suite go draíochtúil ar imeall na mara sna blianta amach romhainn.
Seasaigh ar an 15 ú Tí agus amharc amach uait ar Ghabhla, Inis Meáin agus Iompainn. Soir uait, tá Inis Bó Finne agus Toraigh agus siar uait tá Rann na Feirste, Oileán na Cruite agus Árainn Mhór. Tá an ghrian ag soilsiú, an radharc go hiontach agus an galf thar barr!